Ullmhaítear an Buiséad san fhormáid a fhorordaíonn an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus leagtar amach ann an caiteachas atá le tabhú ag an gComhairle ar chur ar fáil na seirbhísí áirithe agus an t-ioncam a bhaineann leis na seirbhísí sin a mhaoiniú. Is iad na príomhchineálacha seirbhíse ná tithíocht, iompar, seirbhísí uisce (faoin gcomhaontú seirbhíse le hUisce Éireann go príomha) pleanáil, fiontar, comhshaol agus áineas agus taitneamhacht lena n-áirítear páirceanna, leabharlanna, spóirt, oidhreacht agus na healaíona. Tá soláthar sa bhuiséad ioncaim do chaiteachas reatha nó ó lá go lá maidir leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil.
Is ó raon d’fhoinsi ioncaim a mhaoinítear caiteachas ioncaim, eadhon:
- Rátaí Tráchtála
- Cáin Mhaoine Áitiúil
- Deontais Rialtais ar leith
- Táillí agus muirir d’earraí agus do sheirbhísí
Rátaí Tráchtála
The Finance (Local Property Tax) Act 2012 (as amended), makes specific provision that elected members of a local authority mTá foráil shonrach san Acht Airgeadais (Cáin Mhaoine Áitiúil) 2012 (arna leasú), go bhféadfaidh comhaltaí tofa den údarás áitiúil rún foirmiúil a rith chun bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a athrú ina limistéar feidhme de réir céatadáin ar a dtugtar an fachtóir coigeartaithe áitiúil.
Ciallaíonn sé seo gur féidir le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin bunráta na Cánach Maoine Áitiúla a laghdú nó a mhéadú de nach mó ná +/-15% nó é a fhágáil gan athrú.
Caithfear an cheist a mheas go bliantúil agus iarrann an Chomhairle go ndéanfar aighneachtaí maidir leis an athrú trí fhógra a chur sa nuachtán náisiúnta. Maireann an tréimhse chomhairliúcháin phoiblí ó lár an Mheithimh go lár Lúnasa de ghnáth agus déantar an cinneadh ag Cruinniú na Comhairle i Meán Fómhair.
An Clár Caipiúil
Chomh maith leis an mBuiséad ina bhfuil foráil do chaiteachas reatha, ullmhaíonn an Chomhairle Clár Caipitiúil Trí Bliana a ndéantar athbhreithniú air go bliantúil agus ina bhfuil soláthar do thionscadail chaipitiúla. Is é cuspóir an chláir ná dul i ngleic le heasnaimh san infreastruchtúr chun forbairt sa chontae a chur chun cinn agus áirítear raon de thionscadail spóirt, fóillíochta agus phobail ann freisin.