Scéim na gCeoltóirí Cónaithe dlr 2025
Tá Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus Music Network ag lorg iarratais ar Scéim na gCeoltóirí Cónaithe dlr 2025. Tá sé seo maoinithe ag an gComhairle Ealaíon.
Agus é ina 11ú bliain anois, cuireann an Scéim spás agus am ar fáil do cheoltóirí chun saothair nua a chruthú, a scileanna a fhorbairt, comhoibriú le healaíontóirí eile agus a gcuid ceoil a cuir os comhair an phobail.
Gheobhaidh ealaíontóirí a n-éiríonn leo maoiniú suas go huasmhéid de €12,000, comh maith le spás le bheith ag obair ann agus comhairle agus meantóireacht chun tacú lena bhforbairt gairme. Beidh deis ag an lucht éisteachta freisin dul i dteagmháil leis na ceoltóirí cónaithe ag sraith réamhléiriú oscailte, ceardlann agus léirithe poiblí i nDún Laoghaire.
Tá dhá chónaitheacht ar fáil do cheoltóirí a oibríonn in aon seánra ceoil, ó rac-cheol go popcheol nó clasaiceach, snagcheol nó ceol tíre agus gach rud eatarthu. Baineann cónaitheacht amháin go sonrach le ceoltóirí atá ag teacht chun cinn, agus tá ceann amháin do cheoltóirí seanbhunaithe. Ní mór d’iarratasóirí a bheith in ann nasc láidir le Dún Laoghaire-Ráth an Dúin a léiriú, nó tionscadal a mholadh a nascann leis an gceantar, mar shampla inspioráid a ghlacadh ón suíomh nó trí dhul i dteagmháil le pobail nó ceoltóirí áitiúla.
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin, an Comh. Jim O’Leary:
“Tá ríméad ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin an deis seo a thairiscint arís in 2025 do cheoltóirí díriú ar chruthú ceoil nua. Táimid tiomanta d’obair nua a spreagadh agus ligean do na healaíona a bhláthú agus táimid an-bhuíoch don Chomhairle Ealaíon as an Scéim seo a mhaoiniú.”
Dúirt Frank Curran, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin:
“Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leanúint lenár gcaidreamh oibre láidir le Music Network chun an Scéim thábhachtach seo a chuir ar fáil. Is comhoibriú tábhachtach é seo le heagraíocht náisiúnta d’acmhainní ceoil chun tacú le ceoltóirí.”
Ag labhairt faoin bhfógra, dúirt Príomhfheidhmeannach Music Network Sharon Rollston:
“Is mór an pléisiúr a bheith ag obair le Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin arís ar bhainistíocht na scéime bliantúla seo. Cuireann na cónaitheachtaí seo am agus acmhainní luachmhara ar fáil do cheoltóirí chun a gcleachtas ealaíne a fhorbairt, a ngairmeacha beatha a chur chun cinn agus saothar spreagúil nua a tháirgeadh a táimid ag tnúth le roinnt le cónaitheoirí Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin níos déanaí i mbliana.”
B’iad na Ceoltóirí Cónaithe dlr 2024 ná an cnaguirlisí Brian Fleming, an veidhleadóir Jane Hackett agus an méarchláraí Luke Dunford. Ag labhairt faoina dtaithí, dúirt Jane Hackett, faighteoir an ghradaim Ealaíontóra Bunaithe:
“Thug an chónaitheacht seo deis thábhachtach dom taighde agus forbairt a dhéanamh ar eispéiris ceoil do agus le daoine Bodhra i gcomhthéacs fuaimdhreach Dhún Laoghaire. Spreag an foirgneamh álainn agus a thimpeallacht bunbhrí an tsaothair dheiridh, ag tabhairt slí do chuimhneacháin droimneacha don lucht féachana chun idirghníomhú leo, agus tar éis an deis oibriú le meantóirí d’fhorbair mo thuiscint ar an gcruthú laistigh de chomhthéacsanna ar leith. Ba chónaitheacht iontach é seo in áit iontach le daoine iontacha! Mholfainn go mór é.”
Faoi scéim na bliana seo, tá uasdámhachtain maoinithe de €12,000 ag an gcónaitheacht chun tacú le hobair cheoltóra nó grúpa bunaithe, agus tá dámhachtain suas chuig €7,500 ar fáil chun tacú le hobair cheoltóra nó ghrúpa atá ag teacht chun cinn.
Is féidir le haon duine atá spéis acu iarratas a dhéanamh ar an scéim agus áit a chur in áirithe le haghaidh cuairt suímh ar dlr LexIcon Studio ar Dé Máirt 4 Feabhra 2025 ag 6pm, trí ríomhphost a sheoladh chuig arts@dlrcoco.ie. Beidh baill d’Oifig Ealaíon DLR agus Music Network ar fáil tráthnóna chun aon cheist ar leith a fhreagairt.
Beidh cruinniú faisnéise ar líne d’iarratasóirí ar siúl freisin ar an Déardaoin 6 Feabhra 2025 ag 11am, agus is trí MusicNetwork.ie a chláraítear don imeacht seo.
Mairfidh cónaitheachtaí na bliana seo ó Bhealtaine go Samhain 2025. Is é Dé hAoine 21 Feabhra ag 2pm an spriocdháta d’iarratais agus tá tuilleadh eolais faoi na cónaitheachtaí agus conas iarratas a dhéanamh ar fáil ar shuíomh Gréasáin Music Network.
Tá Scéim na gCeoltóirí Cónaithe de chuid Chomhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin cómhaoinithe ag Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin agus ag an gComhairle Ealaíon agus á bhainistiú ag Music Network.