Más maith leat úinéireacht uaighe a aistriú, ní mór go dtabharfaidh úinéir na huaighe cead i scríbhinn. Caithfidh siad litir a scríobh agus a shíniú ina gcuirtear in iúl:
- Uimhir na huaighe
- Ainm agus seoladh an duine a n-aistreofar an uaigh chuige
- Go dtuigeann siad go bhfuil siad ag scaoileadh gach ceart adhlactha don uaigh luaite
- Tá táille €65 + CBL @23%, Costas Iomlán €79.95 as an aistriú.
Má tá úinéir na huaighe marbh, caithfidh an duine ar mian leis/léi an uaigh a ghlacadh foirm Dearbhaithe Sannacháin Díorthaigh a shíniú os comhair feidhmeannach síochána. Ta an fhoirm seo ar fáil ón oifig i nGráinseach an Déin. Féadfar go mbeidh litreacha ó neasghaol an úinéara de dhíth freisin ina gcuirfear in iúl nach bhfuil sé/sí i gcoinne an aistrithe, ach amháin má tá uacht ann ina gcuirtear a mhalairt in iúl. Sa chás sin, bíonn an uaigh mar chuid d’iarmhar an eastáit mura luaitear go sonrach í.
Service Type